Tástáil: aimsigh do phróifíl theangeolaíoch

Aistrithe ón bhFraincis ag an Dr. John Walsh, Léachtóir Gaeilge agus Leas-Déan Taighde, Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chun Lá Eorpach na Blagála Ilteangaí a cheiliúradh chruthaigh do sheirbhíseach an t-aistritheoir tástáil a bhfuil sé d’aidhm aici beagán amhrais a chaitheamh ar do chreidimh theanga chun léargas éigin a thabhairt ar do phróifíl theangeolaíoch féin. Sea, tá an ceart agat, a léitheoir ilteangaigh, is beag an chosúlacht idir é seo agus fíorthástáil teanga.

1. ‘Do theanga féin’ – cad í?

a. Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge.
b. Cé acu ceann? Tá go leor teangacha ar eolas agam agus ní liomsa aon cheann acu.
c. Gaeilge na Gaeltachta.
d. An ceann is minice a labhraím.

2. Nuair a léann tú na nuachtáin…

a. Aimsíonn tú na botúin agus cuireann tú in iúl don eagarthóir iad.
b. Breacann tú síos na nathanna a gcuireann tú suim iontu i leabhar nótaí speisialta.
c. Breacann tú síos na focail agus na nathanna ar fad nach bhfuil soiléir duit agus lorgaíonn tú a sanasaíocht.
d. Breacann tú síos na focail nach bhfuil agat, lorgaíonn tú a mbrí san fhoclóir agus déanann tú iarracht iad a chur de ghlanmheabhair.

3. Tá tú díreach tar éis alt nuachta a léamh le húdar a bhfuil fios a gnó aici ach a úsáideann cineál Gaeilge nach bhfuil taithí agat uirthi. Deimhníonn tú a hainm agus a háit oibre: tá an chosúlacht ar an scéal nach í an Ghaeilge a teanga dhúchais.

a. Aimsíonn tú a sonraí teagmhála agus tréaslaíonn tú a cuid oibre léi ach ag an am céanna míníonn tú di conas na botúin a chur ina gceart.
b. Tá an cheist seo áiféiseach: is miotas í an teanga dhúchais, chomh maith leis an teanga náisiúnta.
c. Scríobhann tú chuig an bhfoilsitheoir agus cuireann tú in iúl dó/di gur mór an masla do na léitheoirí téacs mar seo a fhoilsiú i ndroch-Ghaeilge.
d. Breacann tú síos na nathanna neamhchoitianta agus na nuathéarmaí: b’fhéidir go mbeidh an t-eolas seo áisiúil duit amach anseo.

4.  Is as San Theodorus don údar. Mhínigh sí san alt go bhfuiltear ar tí bunreacht nua a dhréachtú ina tír dhúchais tar éis dheireadh ré na deachtóireachta. San áireamh sa bhunreacht nua, bheadh foráil chun cosaint a thabhairt do na teangacha réigiúnacha sa daonlathas nua seo.

a. Ní leor é sin. Más mian leo na teangacha sin a shábháil, is gá reachtaíocht shainiúil chun an t-idirdhealú dearfach a chur chun cinn.
b. Tá sé seo á dhéanamh le dea-rún ach mar a tharla go minic cheana, ní bhainfidh gach teanga stádas cosanta amach.
c. Ba cheart muintir dhúchasach na tíre a chosaint agus a gcuid teangacha a thabhairt faoi scáth Chlár Oidhreacht Dhomhanda UNESCO toisc gur cuid d’oidhreacht cultúir shainiúil iad.
d. Is iontach an deis turasóireachta a chruthaíonn na teangacha seo do rialtas nua San Theodorus. Ba cheart dóibh an deis a thapú agus na teangacha a chur chun cinn.

5.  Tá tú chun bliain a chaitheamh i mbun staidéir in Wadesdah, An Cheiméid ach seachtain sula n-imíonn tú, deirtear leat gur chuir an ollscoil an socrú ar ceal. Ina ionad sin, áfach, is féidir leat dul go Khemkhah, réigiún eile den Cheiméid ina labhraítear leagan áitiúil den Araibis.

a. Tá sé sin go breá: ar an tslí sin beidh mé ábalta cur le m’eolas ar an réim neamhfhoirmeálta teanga.
b. Ar fheabhas, foghlaimeoidh mé teanga nua!
c. Cuir m’áit ar ceal: theastaigh uaim Araibis Chlasaiceach a fhoghlaim, ní canúint thútach áitiúil éigin.
d. Ní haon fhadhb í sin: labhraíonn gach duine an Béarla in ollscoileanna na Ceiméide ar aon chuma.

6.  Fuair tú post airgeadais in Klow, An tSildeáiv. Rinne tú cúrsa Sildeáivise sular fhág tú ach níl aon dul chun cinn déanta agat ó chuaigh tú ann toisc go bhfreagraíonn do chomhghleacaithe nua i mBéarla i gcónaí thú. Dar leat …

a. Cuireann sé seo isteach orm. Ní fhoghlaimeoidh mé go deo conas an tSildeáivis a labhairt i gceart.
b. Tá sé sin an-suimiúil. Ní hionann a dtuiscint ar bhéasa agus mo thuiscintse.
c. Cuireann sé seo isteach orm. Béarla briotach idirnáisiúnta a labhraíonn siad – níl cuma ná caoi air.
d. Tá sé sin an-phraiticiúil. Tá sé i bhfad níos fusa oibriú le chéile.

7.  Tar éis duit filleadh ón tSildeáiv, chláraigh tú ar chúrsa Bordúirise sa Bhruiséil sular thug tú aghaidh ar Szohôd. Ó fuair Marascal an Chuar-Chroiméil bás, tá géarghá le saineolaithe airgeadais sa Bhordúir. Tuigeann gach duine do chuid Bordúirise ach bíonn siad de shíor ag ceartú do chuid botún beag. Dar leat …

a. Cuireann sé sin isteach orm ach is beag an praghas é le híoc má tá tú ag iarraidh labhairt i gceart.
b. Tá sé sin an-suimiúil. Ní hionann a dtuiscint ar bhéasa agus mo thuiscintse.
c. Ar fheabhas: laistigh de chúpla seachtain, beidh mé ábalta labhairt cosúil le fíor-Bhordúireach!
d. Tá sé an-deacair oibriú i gcoinníollacha mar sin.

8.  Tá sé áisiúil na teangacha seo ar fad a fhoghlaim chun …

a. Do theanga féin a labhairt níos fearr.
b. Do dhearcadh a athrú.
c. Chun aithne níos fearr a chur ar do chomhghuaillithe, d’iomaitheoirí, do chéilí comhraic agus do naimhde.
d. Chun cumarsáid a dhéanamh.

9.  Cad is brí leis an dátheangachas?

a. An cumas chun dhá theanga a labhairt ach go teicniúil, nuathéarma is ea ‘dátheangachas’.
b. Miotas, díreach cosúil leis an aonteangachas.
c. Coincheap doiléir Eorpach eile.
d. Buntáiste ar an CV.

10.  Cad is brí leis an mBéarla?

a. An t-aon teanga is fiú a labhairt: níl aon tábhacht leis an gcuid eile.
b. Teanga an domhandaithe, taitníodh sé linn nó ná taitníodh.
c. Teanga Shakespeare.
d. Lingua franca an 21ú aois.

(A) den chuid is mó: spreagann an t-ilteangachas coimhlintí nó ar a laghad éagothromaíocht cumhachta idir cainteoirí. Dar leat is iad na rialacha an tslí is fearr chun déileáil le coimhlintí agus chun maireachtáil le cheile. Is gá rialacha a chur i bhfeidhm a mbeidh eolas agus meas ag gach duine orthu, toisc gurb iad na rialacha a idirdhealaíonn an daonnacht agus an nádúr. Tá sé d’aidhm ag rialacha bainistíocht a dhéanamh ar chaidrimh phearsanta bunaithe ar noirm choitianta. Tá dearcadh saintreorach agat.

(B) den chuid is mó: ní féidir leat na difríochtaí a fheiceáil mar dar leat, ní hann dóibh. Dá bharr sin, creideann tú nach ann do theangacha ach an oiread: níl againn ach éagsúlacht theangeolaíoch gan teorainn ar toradh í ar an gcumarsáid idir na billiúin cainteoirí leis na cianta. Nuair a chuirtear na cainteoirí sin ar fad le chéile, fágtar againn ‘an domhan’ agus léiríonn a gcleachtas teanga éagsúlacht na cruinne. Is saoránach de chuid an domhain sin thú.

(C) den chuid is mó: is í an bharántúlacht an rud is tábhachtaí, nach ea? Is iad na cainteoirí dúchais Gaeilge is fearr a chosnóidh í toisc gurb iadsan amháin a bheidh in ann gach miondifríocht a thuiscint. Dar leat, is ionann gach teanga agus stór cultúrtha an phobail, fianaise ar a shaibhreas agus a bharántúlacht. Déanann tú iarracht do theanga a chosaint agus í a choimeád beo agus dar leat gur cheart go ndéanfadh gach duine an rud céanna. Tá dearcadh traidisiúnta agat.

(D) den chuid is mó: ní cuspóir iontu féin iad na teangacha ach slí chun cuspóirí eile a bhaint amach: taisteal, post, bualadh le daoine nua – slí chun maireachtáil le chéile bíodh dea-chomhluadar nó droch-chomhluadar agat. Slí atá sna teangacha chun d’fhiosracht a shásamh. Ní gá scéal mór a dhéanamh de – ná den tástáil teanga féin. Tá dearcadh pragmatach agat.

Laisser un commentaire

Entrez vos coordonnées ci-dessous ou cliquez sur une icône pour vous connecter:

Logo WordPress.com

Vous commentez à l'aide de votre compte WordPress.com. Déconnexion / Changer )

Image Twitter

Vous commentez à l'aide de votre compte Twitter. Déconnexion / Changer )

Photo Facebook

Vous commentez à l'aide de votre compte Facebook. Déconnexion / Changer )

Photo Google+

Vous commentez à l'aide de votre compte Google+. Déconnexion / Changer )

Connexion à %s

Suivre

Recevez les nouvelles publications par mail.

Joignez-vous à 666 followers

%d bloggers like this: